Reval 2023

Last updated at 17:09 on 28/09/2022

Fáilte go leathanach eolais na hOifige Luachála maidir leis an Scéim Athluachála atá ar bun chun athluacháil a dhéanamh ar ghach maoin inrátaithe sna limistéir áitiúla na Chontae Dún nan Gall, Maigh Eo, an Chláir, Ciarraí, Dún Laoghaire-Rath an Dúin, Gaillimh agus Cathair na Gaillimhe. Ón leathanach seo, beidh tú ábalta an t-eolas is déanaí a aimsiú maidir leis an Scéim Athluachála atá ar bun ag an Oifig Athluachála i do cheantar féin.

Athluacháil 2023 an t-ainm atá ar an tionscadail comhcheangailte Athluachail 2021 agus Athluacháil Dhún Laoghaire-Rath an Dúin.  Is féidir na sonraí go léir maidir le Scéim Athluachála 2021 agus Athluacháil Dún Laoghaire-Rath an Dúin a aimsiú ar na leathanaigh ar líne do na tionscadail sin.

.

Reval-2023-Logo

Tabhair faoi deara le do thoil nach do dhliteanas rátaí é an Deimhniú Luachála Beartaithe (DLB) a fuair tú.

Snip-Irish

Eisíodh Deimhnithe Luachála Beartaithe ar an 23ú Meán Fómhair 2022 chuig íocóirí rátaí sna hÚdaráis Áitiúla atá liostaithe thuas. Más é nach bhfuil íocóir rátáí sásta lena luacháil bheartaithe nó le haon sonra atá sa Deimhniú Luachála Beartaithe, ba chóir don íocóir rátaí “uiríll” a dhéanamh leis an Oifig Luachála le linn 40 lá ón dáta ar eisíodh an teastas.  Tá an dáta deiridh chun uiríll a dhéanamh le feiscint go soiléir ar gach Deimhniú Luachála Beartaithe.

Beidh Ionad Siúil Isteach ar siúl in áiteanna éagsúil i ngach ceann de na hÚdaráis Áitiúla suas ó Dé Luain 3ú Deireadh Fómhair go dtí Dé hAoine 7ú Deireadh Fómhair 2022. Beidh Foireann ón Oifig Luachála ar fáil chun ceisteanna ó íocóirí rátaí a fhreagairt maidir le heisiúint na nDeimhnithe Luachála Beartaithe agus ní bheidh coinne ag teastáil. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag na naisc thíos:

An ChlárDún na NGallDLRCathair na GaillimheContae na Gaillimhe Ciarraí

Maigh Eo

Tuilleadh Eolais: 

Preasráiteas OifigúilDeimhniú Luachála Beartaithe ShamplachInfographic Gaeilge

Tuilleadh Eolais

Fón 01 584 6753

Ríomhphost reval2023@valoff.ie

Bíonn an líne chabhrach seo ar fáil  ó Luan go hAoine 9rn - 1in agus 2in - 5in (gan saoirí poiblí san áireamh)

Nuashonruithe Roimhe Seo: 

6ú Meán Fómhair 2022

Ar an 2 Meán Fómhair 2022, chúlghair an Coimisinéir Luachála, le cead ón Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, na hOrduithe Luachála a bhí ann cheana maidir le hathluacháil réadmhaoine tráchtála agus tionsclaíochta i gContae an Chlár, Dún na nGall, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Ciarraí, Maigh Eo, Gaillimh agus i gCathair na Gaillimhe.

Tar éis próiseas comhairliúcháin reachtúil a bheith curtha i gcrích idir an Coimisinéir Luachála, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus na hÚdaráis Áitiúla ábhartha, tá orduithe luachála nua déanta ag an gCoimisinéir do na limistéir údaráis rátála seo. 

Tá tuilleagh eolais ar fáil sa phreasráiteas thíos. 

Preasráiteas OifigiúlCeisteanna a Chuirtear go Minic - Athluacháil

Ceisteanna a Chuirtear go Minic - chur siar

Is féidir na horduithe Luachála nua a fháil ach cliceáil ar an údarás áitiúil cuí thíos:

An ClárDún na nGallDún Laoghaire-Ráth an Dúin Cathair na GaillimheContae na Gaillimhe

CiarraiMaigh Eo

Is féidir na horduithe a ndearnadh chúlghairm orthu a fháil trí chliceáil ar an t-údarás áitiúil ceart thíos:

An ClárDún na nGallDún Laoghaire Ráth an DúinCathair na GaillimheContae na Gaillimhe

Ciarraí Maigh Eo

Márta 2022

Is é Reval 2023 an t-ainm nua atá ar na tionscadail chomhcheangailte Reval 2021 agus Reval DLR. Is féidir an fhaisnéis go léir roimhe seo faoi Reval 2021 agus Reval DLR a fháil ar na leathanaigh gcartlann do na tionscadail sin.

 Tá sé aontaithe ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta leis an gCoimisinéir Luachála go ndéanfaidh an Coimisinéir an scéim athluachála ar na maoine inrátaithe i limistéir na n-údarás áitiúil i gContae an Chláir, Dún na nGall, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Ciarraí, Mhaigh Eo, Gaillimh agus Cathair na Gaillimhe a chur siar go dtí 2023.

Preasráiteas Oifigúil

Tá litir seolta chuig gach íocóir rátaí maidir leis an iarchur.  

Litir Shamplach Litir Shamplach DLR

Loading