Reval 2021 (Cartlann)

Last updated at 13:19 on 16/09/2022

Fáilte chuig leathanach eolais na hOifige Luachála maidir le hathluacháil a dhéanamh ar gach maoin inrátáilte i limistéir údaráis áitiúil Chomhairle Chontae an Chláir, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Chiarraí, Mhaigh Eo agus Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Ón leathanach seo beidh tú ábalta an t-eolas is déanaí a fháil maidir leis an ngníomhaíocht Athluachála atá ar bun ag an Oifig Athluachála i do limistéar féin. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil an fhaisnéis seo á nuashonrú a thuilleadh agus mar sin seans nach n-oibreoidh naisc.

null

Tá sé aontaithe ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta leis an gCoimisinéir Luachála go ndéanfaidh an Coimisinéir athluacháil na maoine inrátaithe i limistéir na n-údarás áitiúil i gComhairlí Contae an Chláir, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Chiarraí agus Mhaigh Eo agus Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a chur siar go dtí 2023.

Tá litir seolta chuig gach íocóir rátaí maidir leis an iarchur.   

Preasráiteas Oifigiúil Ceisteanna a Chuirtear go MinicLitir Shamplach (Márta 2022)

Nuashonruithe Roimhe Seo:

Samhain 2019

Shínigh an Comhairleoir Luachála, John O’Sullivan, Ordú Luachála an 4 Samhain 2019 do limistéir údaráis rátála Chomhairle Chontae an Chláir, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Chiarraí agus Mhaigh Eo agus Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Síníodh an tOrdú Luachála nua i ndiaidh próiseas comhairliúcháin reachtúil idir an Coimisinéir Luachála, an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus na hÚdaráis Áitiúla chuí.

Is cuid de chlár náisiúnta leanúnach í an athluacháil lena chinntiú go léiríonn an luacháil inrátáilte ar gach maoin tráchtála agus thionsclaíoch in Éirinn an timpeallacht ghnó chomhaimseartha. Is éard is cuspóir leis an athluacháil tuilleadh trédhearcachta agus cothromais a thabhairt isteach i gcóras rátála na n-údarás áitiúil. Nuair a bhíonn athluacháil déanta, bíonn caidreamh níos dlúithe agus níos aonfhoirmí idir na luachanna cíosa bliantúla reatha atá ar mhaoine tráchtála agus a ndliteanas rátaí tráchtála.

Níl maoin chónaithe ná tailte talmhaíochta inrátáilte agus ní bhíonn aon tionchar ag an athluacháil orthu dá réir.

Foilseofar na luachálacha nua maidir leis na ceantair a bhfuil athluacháil á déanamh orthu in 2021 agus tiocfaidh siad in éifeacht chun críocha rátála ó 2022 ar aghaidh.

Is féidir Ceisteanna a Chuirtear go minic maidir le hAthluacháil a fháil anseo

Pacáistí Eolais maidir le hAthluacháil

Seoladh Pacáistí Eolais maidir le hAthluacháil chuig gach áititheoir ábhartha i limistéir údaráis rátála Chomhairle Chontae an Chláir, Dhún na nGall, Gaillimhe, Chiarraí agus Mhaigh Eo agus Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an 4 Samhain 2019.

Faoi na hAchtanna Luachála, tá sé d'oibleagáid ar íocóirí rátaí de réir dlí an t-eolas ata iarrtha ar an bhfoirm atá leis seo a chur ar fáil. Is féidir é sin a dhéanamh tríd an gcóip chrua atá leis seo a sheoladh ar ais chugainn nó trí logáil isteach ar an tairseach ar líne

Foirm Eolais Athluachála ar líne (i mBéarla ámhain)

Is féidir samplaí de gach ceann de na doiciméid atá sa phacáiste a fháil anseo:

Litir ChumhdaighFoirm Eolais AthluachálaLeabhrán Eolais Athluachála

Feabhra 2021

Mar gheall ar COVID-19, tá comhaontaithe ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ag an gCoimisinéir Luachála go gcuirfidh an Coimisinéir an athluacháil ar mhaoine inrátaithe siar i limistéir údaráis rátála Chomhairlí Chontae an Chláir, Dhún na Gall, na Gaillimhe, Chiarraí agus Mhaigh Eo agus Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go dtí an bhliain 2022.

Is i Meán Fómhair 2022 anois a thabharfar luachálacha nua a d'eascair as an athluacháil a rinneadh sna limistéir údaráis rátaithe thuas chun críche agus go dtiocfaidh sin in éifeacht chun críocha rátaí ó 2023 ar aghaidh.

Seoladh litir ar an 10 Márta 2021 chuig gach íocóir rátaí maidir leis an iarchur.

Preasráiteas OifigiúilCeisteanna a Chuirtear go MinicLitir Shamplach

Tuilleadh Eolais:

Fón: 01 8171033 nó ar chostas glao áitiúil 1800 531 431

Ríomhphost: reval2021@valoff.ie

Bíonn an líne chabhrach seo ar fáil  ó Luan go hAoine 9rn - 1in agus 2in - 5in (gan saoirí poiblí san áireamh)

Orduithe Luachála

Shínigh an Coimisinéir Luachála, John O'Sullivan, Ordú Luachála do gach Údarás Áitiúil in Athluacháil 2021 ar an 4 Samhain 2019.

Mar gheall ar Covid-19, chomhaontaigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an Coimisinéir Luachála go ndéanfaí an athluacháil ar údaráis áitiúla a bhí mar chuid den tionscadal Athluacháil 2021 a chur siar go dtí an bhliain 2022.  D'fhonn éifeacht a thabhairt don chinneadh sin, rinne an Coimisinéir, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó faoi alt 21(4) den Acht Luachála 2001 (arna leasú), le toiliú an Aire, orduithe ar an 15 Márta 2021 chun dáta foilsithe nua den 15 Meán Fómhair 2022 a thabhairt ar na liostaí luachála chomh maith le dáta éifeachta nua den 28 Deireadh Fómhair 2022 a thabhairt.

Chun an t-ordú faoi Alt 21(4) a fheiceáil, cliceáil ar an údarás áitiúil ábhartha thíos:

An ClárDún na nGallCathair na GaillimheContae na GaillimheCiarraíMaigh Eo

Is féidir na Bunorduithe Luachála a fháil ach cliceáil ar an údarás áitiúil cuí thíos:

An ClárDún na nGallCathair na GaillimheContae na GaillimheCiarraíMaigh Eo

Loading