Ginealas

Last updated at 14:56 on 06/03/2020

Fógra Tábhachtach: Ní bheidh na leabhair agus na léarscáileanna cartlainne ar fáil inár nOifig Phoiblí ó Dé Luain 9 Márta go dtí Dé Céadaoin 11 Márta 2020 mar gheall ar oibreacha cothabhála riachtanacha ar na tarraiceán léarscáile. Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh air seo. Tuilleadh eolais anseo

Is cartlann lámhscríbhinní í an Oifig Luachála agus tá faisnéis faoi luacháil inrátaithe le fáil inti maidir leis an maoin go léir sa Stát ó lár bhlianta na 1850-idí go dtí tús bhlianta na 1900-idí agus maidir le maoin tráchtála ó thús bhlianta na 1900-idí amháin. Léiríonn an chartlann sin na hathruithe a tharla tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí maoine agus tugtar aitheantas di mar mhóráireamh malartach i leith na tréimhse ó bhlianta na 1850-idí go dtí an bhliain 1901 (arb é an móráireamh iomlán is luaithe atá ann i leith na hÉireann). Is féidir an chartlann a úsáid chun áititheoirí ítime maoine ar leith a rianú thar thréimhse blianta. 

Cuirtear saoráidí ar fáil do dhaoine den phobal a bhfuil taighde ginealais á dhéanamh acu chun breathnú ar thaifid reatha agus ar thaifid chartlainne maidir le rátáil agus ar léarscáileanna a bhaineann leis an ábhar sin. Tá cóipeanna ar fáil d’iontrálacha sna taifid luachála agus den léarscáil iomchuí ina sainaithnítear suíomh na maoine lena mbaineann.

Optimized-img25    null

Tá digitiú déanta anois ar na taifid chartlainne do Cheatharlach, don Chabhán, don Chlár, do Chathair & do Chontae Chorcaí, do Dhún na nGall, do Chathair & do Chontae Bhaile Átha Cliath, do Ghaillimh, do Chiarraí, do Chill Dara, do Chathair & do Chontae Luimnigh, do Mhaigh Eo, do Mhuineachán, d’Uíbh Fhailí, do Ros Comáin, do Shligeach agus do Thiobraid Árann agus tá na híomhánna ar fáil lena mbrabhsáil san Oifig Phoiblí.

null     null

Foilsíonn an Chartlann Náisiúnta Leabhair na hOifige Luachála a chlúdaíonn an tréimhse ó 1824 go 1856.

Tá na himleabhair phriontáilte den Luacháil Phríomha (nó Luacháil Griffith), is é sin, an taifead ar an gcéad cháin mhaoine chuimsitheach de chuid na hÉireann, ar fáil ar líne le tamall maith de bhlianta, agus is cuid fhíorthábhachtach iad den bhonneagar ginealais i leith lár an naoú haois déag. Ach, go dtí seo, ní raibh digitiú déanta ar na taifid atá mar bhonn eolais don luacháil phriontáilte.

Tá os cionn 2 mhilliún ainm ann sna taifid sin. Soláthraíonn siad measúnú cuimsitheach ar luach cíosa thailte agus mhaoin na hÉireann ó lár bhlianta na 1820-idí go dtí lár bhlianta na 1850-idí agus tá siad ar fáil ar líne anois tríd an gCartlann Náisiúnta

Uaireanta Oscailte agus Mionsonraí Teagmhála na hOifige Poiblí

Seoladh: Bloc 2, Ionad Irish Life, Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, D01 E9X0

Uaireanta Oscailte: 9.15.am. go 4.30 p.m, Luan go hAoine, lena n-áirítear am lóin.

Fiosruithe ginearálta: 01-817 1046 / 6429 / 1031

Deimhnithe: 01-817 1046 / 6464 / 6429 / 1031

Léarscáileanna: 01-817 6428

Seirbhísí Taighde: 01-817 1149 / 1046 / 6429 / 1031

Ríomhphost: info@valoff.ie 

Loading