Tailte Éireann

Last updated at 12:57 on 14/03/2022

null

Is é Tailte Éireann ainm an chomhlachta Rialtas atá le bunú mar thoradh ar chumasc an Údaráis Clárúcháin Maoin,  Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann agus na hOifige Luachála.

Oibreoidh an eagraíocht nua faoi choimirce an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Tá an reachtaíocht lena mbunófar an eagraíocht nua á dréachtú faoi láthair agus, tar éis í a bhunú, beidh freagracht ar Thailte Éireann i ndáil leis an gcóras údarásach cláraithe maoine, leis an mbonneagar náisiúnta léarscáilíochta agus suirbhéireachta agus leis an tseirbhís luachála maoine a sholáthar don Stát. Sa cháil sin, is é a bheidh ann ná an phríomhfhoinse náisiúnta maidir le faisnéis faoi chúrsaí maoine agus maidir le sonraí geospásúla agus feidhmeoidh sé mar cheannaire i dtaca le seirbhísí faisnéise talún a fhorbairt agus a sholáthar.

Saothróidh Tailte Éireann a chuspóirí agus a straitéis ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE agus gníomhóidh sé i gcomhpháirtíocht lena phríomh-gheallsealbhóirí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar láithreán gréasáin Thailte Éireann

Loading