Seirbhísí maidir le Luach Margaidh

Last updated at 14:59 on 12/02/2019

Soláthraíonn an Oifig Luachála seirbhís luachála do Ranna Rialtais éagsúla agus do ghníomhaireachtaí Stáit éagsúla agus do chomhlachtaí poiblí eile, lena n-áirítear coláistí tríú leibhéal, ar seirbhísí a sholáthraítear trína foireann Luachálacha Bonneagair agus Maoine Stáit.

Déanann an fhoireann sin luachálacha margaidh oscailte, de chineál caipitiúil agus cíosa, lena n-áirítear luachálacha i ndáil le hathbhreithniú cíosa.

Déantar luachálacha margaidh oscailte a sholáthar i gcomhair maoin atá á haistriú idir Ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit agus údaráis agus gníomhaireachtaí eile, idir áitiúil agus náisiúnta. Soláthraítear na luachálacha sin faoi Accommodating Change - Measuring Success: Property Asset Management Delivery Plan 2013 agus de réir Chiorclán 11/15 na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe: Protocols for the Transfer and Sharing of State Property Assets.

De bhreis air sin, soláthraíonn an oifig luachálacha don Údarás Clárúcháin Maoine i ndáil le ceannach leasanna ruílse i maoin faoi fhorálacha an Achta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) 1967.

Ina theannta sin, déanann an fhoireann luacháil ar shócmhainní réadmhaoine de chuid Ranna Rialtais agus comhlachtaí reachtúla de réir ciorcláin Rialtais maidir le hullmhú Cuntas Leithreasa lena gcur san áireamh i gcuntais fhoilsithe na n-eagraíochtaí sin.

Maidir leis na luachálacha margaidh go léir a dhéantar san Oifig Luachála, déantar iad de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta Luachála agus de réir Chaighdeáin Uileghabhálacha Institiúid Ríoga na Suirbhéirí Cairte (RICS) (An Leabhar Dearg).

Áirítear iad seo a leanas i measc ár gcuid mórchustaiméirí:

  • An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
  • An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Oifig na nOibreacha Poiblí
  • Coimisinéirí Soilse na hÉireann
  • An tSeirbhís Chúirteanna
  • TUSLA
  • Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt

Loading