Fáilte

Last updated at 10:59 on 02/03/2022

Fáilte chuig láithreán gréasáin na hOifige Luachála, is é sin, soláthraí seirbhíse luachála náisiúnta Rialtas na hÉireann.

Is Oifig Rialtais neamhspleách sinn agus is státseirbhísigh iad ár mbaill foirne. Is é atá i bpríomhghnó ár n-eagraíochta ná luachálacha cruinne cothrom le dáta ar mhaoin tráchtála agus ar mhaoin tionscail a sholáthar dár ngeallsealbhóirí. Tá na luachálacha sin ina gcuid dhílis den chóras rátúcháin tráchtála in Éirinn agus is iad is bonn le cuid an-suntasach d’ioncam na hearnála rialtais áitiúil gach bliain. 

Ina theannta sin, soláthraímid seirbhís luachála do Ranna agus d’Oifigí Rialtais, do ghníomhaireachtaí Stáit agus do chomhlachtaí poiblí eile. Déanaimid luachálacha margaidh oscailte, de chineál caipitiúil agus cíosa, lena n-áirítear luachálacha i ndáil le hathbhreithniú cíosa do na custaiméirí sin. Déantar luachálacha margaidh oscailte a sholáthar i gcomhair maoin atá á haistriú idir Ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit agus údaráis agus gníomhaireachtaí poiblí eile ar fud na tíre.

Ina theannta sin, is sinne coimeádaithe cartlainne fairsinge ina bhfuil taifid uathúla a sholáthraíonn faisnéis agus léargais faoi stair shóisialta na hÉireann sa tréimhse ó 1850 go 1990. Soláthraíonn na taifid sin acmhainn fhíorthábhachtach i leith taighde ginealais agus staire.

Tá súil agam go mbíonn ár láithreán gréasáin fóinteach duit agus go n-aimsíonn tú faisnéis úsáideach ann. Is maith linn aiseolas cuiditheach a fháil i gcónaí agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag websitefeedback@valoff.ie i dtaca leis sin de.

Colm Lavery
Coimisinéir Luachála 

Loading