Faisnéis Earnála Poiblí

Last updated at 17:07 on 12/02/2019

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid) 2005 (IR 279 de 2005)

Comhlíonann an Oifig Luachála na rialacháin maidir le hAthúsáid Faisnéise Earnála Poiblí agus molaimid an fhaisnéis a chuirimid ar fáil a athúsáid. Tá na rialacháin ar fáil ar an láithreán gréasáin PSI..

Féadfar faisnéis agus doiciméid a fhaightear ón láithreán gréasáin seo a atáirgeadh agus/nó a athúsáid, ach sin faoi réir an cheadúnais PSI is déanaí atá ar fáil.

Is leis an Oifig Luachála an cóipcheart san fhaisnéis atá ar fáil ar ár láithreán gréasáin. Féadfaidh tú an fhaisnéis atá ar fáil ar ár láithreán gréasáin a athúsáid saor in aisce. Folaíonn athúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint chuig daoine den phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. Ina theannta sin, clúdaíonn sé taighde agus staidéar neamhthráchtála. Tagann athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas: Ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Admháil a thabhairt i leith na foinse agus i leith ár gcóipchirt i gcás ina soláthraíonn tú an fhaisnéis do dhaoine eile;
  • An fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn;
  • Gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach míthreorach;
  • Gan an fhaisnéis a úsáid go príomha ar mhaithe le táirge nó seirbhís ar leith a fhógairt nó a chur chun cinn;
  • Gan an fhaisnéis a úsáid ar mhaithe le cuspóirí neamhdhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta nó chun cuspóirí den sórt sin a chur chun cinn.

Níl aon dliteanas ar an Oifig Luachála i leith aon chaillteanais nó dliteanais a bhaineann le faisnéis a athúsáid ná ní dheimhníonn sí go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta nó saor ó earráid. Ní údaraíonn an Oifig Luachála d’aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith aige nó aici maidir leis an fhaisnéis lena mbaineann a athúsáid.

Chun mionsonraí iomlána faoin bhfaisnéis a choimeádtar ar an láithreán gréasáin seo a fháil, féach ár mapa den láithreán, le do thoil.

Tá tuilleadh faisnéise faoi fheidhmeanna agus faoi thaifid, agus faoi rialacha agus faoi chleachtais, na hOifige Luachála ar fáil i Roinn 15 - Feidhmeanna agus Taifid agus i Roinn 16 - Rialacha agus Cleachtais den Treoir a fhoilsítear de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise.

Soláthraíonn ár bhfoireann oifige poiblí saoráidí iniúchta do dhaoine den phobal le go bhféadfaidh siad breathnú ar gach taifead agus léarscáil rátúcháin idir ábhair reatha agus ábhair chartlainne. Ina theannta sin, soláthraíonn an fhoireann oifige poiblí deimhnithe agus seirbhísí a bhaineann le taighde – Féach faisnéis.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi athúsáid faisnéise a choimeádann an Oifig Luachála iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le:

Fran Power

Teil: +353 1 817 1061

Ríomhphost: francis.power@valoff.ie

Loading