An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015

Last updated at 12:36 on 05/01/2022

An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015

Tá An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015  ceaptha chun faisnéis a sholáthar don phobal i dtaobh cé na daoine a bhfuil brústocaireacht á déanamh orthu ag brústocairí agus i dtaobh cad is ábhar don bhrústocaireacht. Tá clár ar líne brústocaireachta bunaithe ag an Oifig um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ag www.lobbying.ie

Le halt 6(4) den Acht ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí liosta d’oifigigh phoiblí ainmnithe an chomhlachta a fhoilsiú. Gabhann dhá chuspóir leis an liosta:

  1. A chumasú do dhaoine den phobal na daoine sin ar oifigigh phoiblí ainmnithe iad a shainaithint; agus
  2. Feidhmiú mar acmhainn do bhrústocairí a bhfuil tuairisceáin á gcur ar fáil don Chláraitheoir acu agus a bhfuil gá acu le mionsonraí oifigigh phoiblí ainmnithe a sholáthar.

Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an reachtaíocht, mar aon le treoir maidir le hoibriú an Achta, ar fáil ar an láithreán gréasáin a bhaineann le Brústocaireacht a Rialáil ag www.lobbying.ie. IIna theannta sin, is féidir faisnéis a fháil ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ag sipo@sipo.ie nó trí ghlaoch teileafóin a dhéanamh ar 01-6395666.

The Standards in Public Office Commission has published a Code of Conduct for persons carrying on lobbying activities. The Code, which is published in accordance with section 16 of the Regulation of Lobbying Act 2015, comes into effect on 1 January 2019 and sets standards of conduct for persons carrying on lobbying activities. Any party carrying on lobbying activities, including employers, third parties, representative or advocacy bodies and individuals alike, must have regard to the Code when communicating with public bodies and public officials. A copy of the Code is available on lobbying.ie or in the related documents below

OIFIGIGH PHOIBLÍ AINMNITHE

An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 - Oifigigh Phoiblí Ainmnithe san Oifig Luachála (Rúnaithe Cúnta agus Gráid Choibhéiseacha)

Colm Lavery, Coimisinéir Luachála agus Príomh-Shuirbhéir Teorann 

An Coimisinéir Luachála

Is Oifig Rialtais neamhspleách í an Oifig Luachála agus tá an Coimisinéir Luachála i gceannas uirthi. Is é sealbhóir an phoist sin faoi láthair Colm Lavery a ceapadh chun an phoist faoi alt 9 den Acht Luachála 2001.

Is é atá i bpríomhfheidhm na hOifige Luachála ná bonn aonfhoirmeach cothrom luachála a bhunú agus a chothabháil , ar bonn é ar dá réir a dhéanann Údaráis Áitiúla rátaí tráchtála a thobhach, de réir mar a fhoráiltear leis na hAchtanna Luachála 2001 go 2015. Tá na luachálacha sin ina gcuid dhílis den chóras rátúcháin tráchtála in Éirinn agus is iad is bonn le tuairim is €1.46 billiún de mhaoiniúchán Údaráis Áitiúil gach bliain.

Ina cháil mar Choimisinéir Luachála, tá freagracht ar Colm Lavery i ndáil le bainistíocht fhoriomlán na hOifige Luachála, lena n-áirítear bainistiú na foirne agus na n-acmhainní airgeadais, croí-chúram na hOifige a chur i bhfeidhm i dtaca le luachálacha cothrom le dáta ar mhaoin tráchtála agus ar mhaoin tionscail a chur ar fáil d’íocóirí rátaí agus d’údaráis rátúcháin, i dtaca leis an gclár náisiúnta athluachála a chur i bhfeidhm, i dtaca le clár leanúnach athbhreithnithe a chur i gcrích agus i dtaca le hathbhreithniú leanúnach ar luachálacha inrátaithe láithreacha.

Ina cháil mar Choimisinéir Luachála, tá freagracht ar Colm Lavery freisin i ndáil le seirbhísí luachála a sholáthar do Ranna Rialtais éagsúla agus do ghníomhaireachtaí Stáit éagsúla agus do chomhlachtaí poiblí eile ar bhonn neamhreachtúil. Déanann an Oifig luachálacha margaidh oscailte, de chineál caipitiúil agus cíosa, lena n-áirítear luachálacha i ndáil le hathbhreithniú cíosa do na custaiméirí sin. Déantar luachálacha margaidh oscailte a sholáthar i gcomhair maoin atá á haistriú idir Ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit agus údaráis agus gníomhaireachtaí eile, idir áitiúil agus náisiúnta.

Is é an Coimisinéir Luachála Oifigeach Cuntasaíochta na hOifige Luachála agus an Bhinse Luachála (Vóta 16).

Faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997, tá na freagrachtaí seo a leanas ar an gCoimisinéir Luachála:

  • gnó na hOifige Luachála a bhainistiú i gcoitinne;
  • beartais Rialtais a bhaineann leis an Oifig a chur i bhfeidhm;
  • faireachán a dhéanamh ar bheartais Rialtais a dhéanann difear don Oifig;
  • aschuir a sholáthar de réir mar a chinneann an tAire;
  • comhairle bheartais a sholáthar don Aire maidir le gach ní a thagann faoi chúram na hOifige;
  • Pleananna Straitéiseacha a ullmhú lena gcur faoi bhráid an Aire;
  • tuarascálacha a chur ar fáil don Aire maidir le dul chun cinn i ndáil le cur i bhfeidhm na bPleananna Straitéiseacha;
  • a chinntiú go mbaintear úsáid chuí as acmhainní agus a chinntiú go ndéantar seirbhísí poiblí cost-éifeachtacha a sholáthar;
  • achoimre a ullmhú i dtaobh conas atá freagrachtaí sonracha le sannadh chuig oifigigh eile ar fud na hOifige;
  • bainistíocht a dhéanamh ar nithe a bhaineann le ceapacháin, le feidhmíocht, le haraíonacht agus le cur as oifig i gcás státseirbhíseach faoi bhun ghrád an Phríomhoifigigh nó faoi bhun gráid choibhéiseacha.

An Príomh-Shuirbhéir Teorann

Ina cháil mar Phríomh-Shuirbhéir Teorann, tá freagracht ar Colm Lavery i ndáil le comhairle a thabhairt maidir le teorainneacha muirí agus idirnáisiúnta a shocrú agus i ndáil le feidhmeanna a fheidhmiú faoi na Boundary Survey (Ireland) Acts 1854 to 1859.

AinmEagraíochtTeideal Poist
Colm Lavery Oifig LuachálaCoimisinéir Luachála agus Príomh-Shuirbhéir Teorann  

Loading