Lár-Liosta na Luachálacha

Last updated at 11:59 on 19/02/2019

Céard é ‘Lár-Liosta na Luachálacha’?

Is é atá i Lár-Liosta na Luachálacha ná liosta de na luachálacha uileghabhálacha go léir arb iad na luachálacha iad i leith gnóthais fóntais phoiblí ainmnithe áirithe sa Stát.

Déantar luachálacha uileghabhálacha de réir thimthriall cúig bliana dá bhforáiltear le halt 53(6) den Acht Luachála 2001, arna leasú leis an Acht Luachála (Leasú) 2015. Baintear úsáid as phróiseas na luachálacha uileghabhálacha i ndlínsí dlí choitinn eile freisin agus is bealach éifeachtúil é chun luacháil a dhéanamh ar ghnóthais fóntais phoiblí lena ngabhann líonra náisiúnta nó líonra réigiúnach.

Ní bhaineann próiseas na luachálacha uileghabhálacha ach amháin leis an líonra fisiciúil a áitíonn an gnóthas fóntais phoiblí agus a úsáideann sé le haghaidh a phríomhchuspóirí nó le haghaidh a phríomhchríoch amhail soláthar leictreachais nó gáis nó chun seirbhísí teileachumarsáid nó seirbhísí iompair phoiblí a chur ar fáil. Clúdaíonn na luachálacha uileghabhálacha seo na líonraí fisiciúla agus na córais fhisiciúla go léir, amhail píblínte, línte iarnróid, cáblaí, crainn, cuaillí, piolóin, sreanga agus gach déanmhas foghabhálach agus foirgneamh foghabhálach eile a úsáideann an fóntas agus a bhfuil gá leo chun a sheirbhís a chur ar fáil ón bpointe tionscnaimh don tomhaltóir. Tá sé tábhachtach do dhaoine a thabhairt dá n-aire nach n-áiríonn an luacháil uileghabhálach luacháil maoine eile amhail aonaid mhiondíola nó oifigí nó spás tionsclaíoch a áitíonn an gnóthas agus nach n-úsáideann sé ar mhaithe leis na críocha atá luaite thuas. Déantar an mhaoin eile sin a oibríonn an fóntas poiblí a luacháil lasmuigh de chreat na luachálacha uileghabhálacha agus déantar luacháil uirthi ar an modh céanna ina ndéantar luacháil ar mhaoin a áitíonn gnóthaí eile.

Cad iad na fóntais atá ainmnithe mar Ghnóthais Fóntais Phoiblí faoi láthair?

Faoi láthair, tá aon chuideachta dhéag ann atá sonraithe mar ghnóthais fóntais phoiblí. Is iad seo a leanas na cuideachtaí sin: 2RN, BT Communications Ireland Limited, Eircom Limited, Eirgrid, ESB Networks, Gas Networks Ireland, Iarnród Éireann, Eir Mobile, Three Ireland (Hutchison) Limited, Virgin Media Ireland Limited agus Vodafone Ireland Limited.

Is é is bonn do luacháil na maoine inrátaithe go léir ar fud an Stáit ná “Glanluach Bliantúil”, mar atá mínithe in alt 48 den Acht Luachála. Baineann sé sin le gnóthais fóntais phoiblí a luacháiltear ar bhonn uileghabhálach agus do ghnáthmhaoin inrátaithe amhail siopaí, oifigí agus saoráidí tionsclaíocha a oibríonn gnóthaí eile. 

Má bhíonn daoine míshásta le luacháil gnóthais fóntais phoiblí, tá ceart achomhairc chuig an mBinse Luachála ann, ar ceart é a bhféadfaidh an fóntas, údarás rátála nó an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil é a fheidhmiú. Is comhlacht neamhspleách é an Binse agus cuireadh ar bun é chun achomhairc in aghaidh cinntí i leith luacháil atá déanta ag an gCoimisinéir Luachála a éisteacht. Tá ceart eile ann maidir le hachomharc a dhéanamh chuig na Cúirteanna Ardleibhéil ar phonc dlí. 

Déantar an luacháil uileghabhálach a chionroinnt de bhun alt 53(6)(a) d’Acht 2001 idir gach ceann ar leith de na húdaráis rátúcháin ar ina limistéir atá an mhaoin a chuimsítear sa luacháil suite. Is cionroinnt chomhréireach atá ann agus sloinntear í mar chéatadán den daonra iomlán de réir an daonáirimh is déanaí dá bhfuil foilsithe.

 

An féidir liom breathnú ar Lár-Liosta na Luachálacha?

Is féidir, tá Lár-Liosta na Luachálacha ar fáil lena iniúchadh in Oifig Phoiblí na hOifige Luachála, Bloc 2, Ionad Irish Life, Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1 (Eircode D01 E9X0), idir 10am agus 4.30pm, Luan go hAoine, gan laethanta saoire poiblí a áireamh. Tá cóip leictreonach den liosta ar fáil anseo thíos.

Loading