Faoi láthair, tá aon chuideachta dhéag ann atá sonraithe mar ghnóthais fóntais phoiblí. Is iad seo a leanas na cuideachtaí sin: 2RN, BT Communications Ireland Limited, Eircom Limited, Eirgrid, ESB Networks, Gas Networks Ireland, Iarnród Éireann, Eir Mobile, Three Ireland (Hutchison) Limited, Virgin Media Ireland Limited agus Vodafone Ireland Limited.
Is é is bonn do luacháil na maoine inrátaithe go léir ar fud an Stáit ná “Glanluach Bliantúil”, mar atá mínithe in alt 48 den Acht Luachála. Baineann sé sin le gnóthais fóntais phoiblí a luacháiltear ar bhonn uileghabhálach agus do ghnáthmhaoin inrátaithe amhail siopaí, oifigí agus saoráidí tionsclaíocha a oibríonn gnóthaí eile.
Má bhíonn daoine míshásta le luacháil gnóthais fóntais phoiblí, tá ceart achomhairc chuig an mBinse Luachála ann, ar ceart é a bhféadfaidh an fóntas, údarás rátála nó an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil é a fheidhmiú. Is comhlacht neamhspleách é an Binse agus cuireadh ar bun é chun achomhairc in aghaidh cinntí i leith luacháil atá déanta ag an gCoimisinéir Luachála a éisteacht. Tá ceart eile ann maidir le hachomharc a dhéanamh chuig na Cúirteanna Ardleibhéil ar phonc dlí.
Déantar an luacháil uileghabhálach a chionroinnt de bhun alt 53(6)(a) d’Acht 2001 idir gach ceann ar leith de na húdaráis rátúcháin ar ina limistéir atá an mhaoin a chuimsítear sa luacháil suite. Is cionroinnt chomhréireach atá ann agus sloinntear í mar chéatadán den daonra iomlán de réir an daonáirimh is déanaí dá bhfuil foilsithe.