Sula gCuirtear Iarratas ar Athbhreithniú ar aghaidh

Last updated at 13:09 on 04/03/2019

Níor chóir iarratais ar athbhreithniú a chur ar aghaidh ach amháin sa chás go bhfuil Athrú Ábhartha ar Imthosca. 

Céard é “Athrú Ábhartha ar Imthosca” (MCC)?

A luaithe atá luacháil socraithe ar mhaoin, ní athraíonn an luacháil sin ó bhliain go bliain. Faoin reachtaíocht a rialaíonn an próiseas luachála, ní féidir an luacháil a cuireadh ar mhaoin a athbhreithniú ach sa chás gur tháinig "Athrú Ábhartha ar Imthosca" ó rinneadh an mhaoin a luacháil go deireadh. 

Déantar Athrú Ábhartha ar Imthosca a shainmhíniú san Acht Luachála, 2001 arna leasú. Ach is iad seo a leanas na príomhchritéir atá de dhíth chun an riail a bhaineann le hAthrú Ábhartha ar Imthosca a shásamh: 

  1. Is maoin í an mhaoin a bhí ann cheana a bhfuil athrú tagtha ar a luach de bhua athruithe struchtúracha/fisiciúla (lena n-áirítear damáiste mar gheall ar thine nó mar gheall ar chúis fhisiciúil eile).
  2. Is maoin í an mhaoin a bhí ann cheana atá roinnte anois i dhá mhaoin ar leith nó i níos mó ná dhá mhaoin.
  3. Tá cónascadh déanta ar dhá mhaoin nó ar níos mó ná dhá mhaoin chun maoin amháin a dhéanamh astu.
  4. Tá athrú ar stádas inrátáilte maoin atá ann cheana. Tarlaíonn sin nuair a fhaigheann maoin a bhí inrátáilte roimhe seo díolúine nó má tá maoin nach raibh inrátáilte cheana inrátáilte anois.
  5. Is maoin nua í an mhaoin agus ní dhearnadh í a luacháil roimhe seo.
  6. Tá an mhaoin lonnaithe i ndlínse dhifriúil anois de bhua athrú ar theorainn an údaráis rátála.
  7. Cuirtear tús le ceadúnú na maoine, nó tagann deireadh le ceadúnú na maoine, faoi na hAchtanna Ceadúnúcháin 1833 go dtí 2011. 


Tagraíonn Uimh. 1 thuas do chás ina ndéantar athruithe struchtúracha/fisiciúla don mhaoin agus a mbíonn tionchar ag na hathruithe sin ar luach na maoine. De ghnáth is síntí, leaganacha nó cásanna eile ina bhfuil athrú mór déanta do nádúr fisiciúil na maoine a bhíonn i gceist (méadaithe nó laghdaithe). Tá sé tábhachtach an coinníoll seo a thabhairt ar aird ina iomláine - i.e. ní mór gurb iad na hathruithe seo is cúis leis an athrú ar luach na maoine. Mar shampla, i gcás athrú beag mar póirse beag a chur chun tosaigh ar fhoirgneamh, cuirfidh sin le méid iomlán na maoine, ach d'fhéadfadh sé nach mbeadh aon tionchar aige sin ar luach iomlán na maoine chun críocha rátála. Ina theannta sin, níl athrú simplí ar an úsáid a bhaintear as maoin leordhóthanach ann féin lena bhreithniú mar Athrú Ábhartha ar Imthosca, mura bhfuil athrú fisiciúil déanta ar an bhfoirgneamh féin. 

Ní féidir luacháil maoine a athrú de réir an dlí mura sásaíonn an mhaoin ceann amháin de na coinníollacha thuas ar a laghad. 

Tabhair ar aird nach ionann athrú ar chúinsí eacnamaíochta a bhfuil tionchar acu ar mhaoin ann féin (e.g. imeacht a bhfuil coinníollacha trádála nua mar thoradh air) agus Athrú ‏‏Ábhartha ar Imthosca a mbeadh iarratas a n-éireodh leis ar luacháil a athbhreithniú mar thoradh air. Glactar fachtóirí den chineál sin san áireamh áfach le linn athluacháil thimthriallach ar limistéar iomlán údaráis áitiúil. Tá an Oifig Luachála i mbun clár náisiúnta athluachála faoi láthair ar gach limistéar údaráis áitiúil agus déanfar sin arís ar bhonn timthriallach gach 5 go 10 mbliana. 

Beidh costas €250 i gceist i ndáil le gach maoin a bheidh is ábhar d'iarratas ar athbhreithniú. Tá an costas sin i gceist i ngach cás, fiú amháin más mar thoradh ar chónascadh maoine é (cónascadh 3 mhaoin = 3 iarratas X €250 = táille iomlán €750). Tabhair ar aird nach mór íocaíocht a dhéanamh le cárta creidmheasa tráth a gcuirtear an t-iarratas ar aghaidh. 

De ghnáth is féidir teacht ar d'uimhir thagartha maoine ar leith ar d'éileamh rátaí. Is féidir leat teacht ar an uimhir sin chomh maith trí úsáid a bhaint as an áis chuardaigh atá ar an láithreán gréasáin seo. Nuair a bheidh an uimhir sin aimsithe agat, is féidir leat leanúint le d'iarratas a chur ar aghaidh tríd an bhfoirm a chomhlánú agus an íocaíocht chuí a dhéanamh. Nuair a bheidh an t-iarratas deimhnithe, cuirfear sin in iúl duit. D'fhéadfadh sé go mbeadh ar luachálaí ón Oifig Luachála do mhaoin a iniúchadh chun d'iarratas ar athbhreithniú a phróiseáil.

Loading